-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
- Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Grúpa Feidhmiúcháin an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí
Uachtarán Ionaid agus An Meabhránaí
Is é an tOllamh Pól Ó Dochartaigh Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile. Is ball é d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile, den Chomhairle Acadúil agus d’Údarás na hOllscoile agus déanann sé ionadaíocht ar an Uachtarán nuair a bhíonn sé as láthair. Ina ról tá freagracht uileghabhálach ar Phól as straitéis acadúil, arduithe céime acadúla agus caighdeán acadúil. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Teagaisc agus Foghlama na hOllscoile, ar an gCoiste Arduithe Céime Acadúla, ar an gCoiste d’Fheabhsú Feabhais, i measc coistí eile san Ollscoil. Taobh amuigh den Ollscoil, tá sé ina chathaoirleach ar Bhord na Lár-Oifige Iontrála (CAO), tá sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus ina bhall de Bhord Choláiste na Coiribe i gCathair na Gaillimhe. Is as Béal Feirste ó dhúchas do Phól, agus tá BA (Onór.) aige sa Ghearmáinis ó Ollscoil na Breataine Bige (Caerdydd) agus BA (Onór.) sa Ghaeilge ó Ollscoil Uladh, chomh maith le PhD agus DLitt sa Ghearmáinis ó Ollscoil Nottingham. Tá sé ina Bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann, ina Chomhalta de Chumann Ríoga na Staire agus ina Chomhalta den Higher Education Academy. Bhí sé ina Uachtarán ar an Association for German Studies in Great Britain and Ireland (2011-14) agus ina Chathaoirleach ar Choiste Acadamh Ríoga na hÉireann do Nua-Theangacha, Léann Liteartha agus Cultúrtha (2004-9). Tá obair déanta ag Pól ar oidhreacht an Uileloiscthe, ar thionchar na Gearmáine ar an Léann Ceilteach agus le gairid ar Ghiúdaigh i litríocht agus i stair na hÉireann. Tá cúig mhonagraf foilsithe aige, tá sé bhailiúchán curtha in eagar aige agus tá níos mó ná dhá scór alt agus caibidil curtha i gcló aige.
Marie-100x142.jpg)
small-v2.jpg)
Mar Leabharlannaí Ollscoile Eatramhach, tá Monica Crump freagrach as Straitéis na Leabharlainne a chur chun cinn i gcomhar le foireann na Leabharlainne. Beidh aird ar leith aici ar an obair phleanála don Fhoirgneamh Leabharlainne nua, áit a mbeidh timpeallacht foghlama a fheilfidh don todhchaí ar fáil, a thacóidh le Straitéis Acadúil na hOllscoile, trí dheiseanna comhoibrithe agus cruthaitheachta a chur ar fáil do mhic léinn, a thacóidh lena gcuid foghlama, mar aon le bailiúcháin agus spásanna don staidéar aonair, fócasaithe. Tá beagnach 30 bliain taithí ag Monica ag obair mar leabharlannaí agus mar thaighdeoir san earnáil ardoideachais. Tá spéis ar leith aici sa chumarsáid agus san fhoilsitheoireacht léannta, atá ag athrú de shíor, chomh maith le foirne a thabhairt le chéile agus a fhorbairt ar mhaithe le spriocanna straitéiseacha institiúideacha a bhaint amach, agus tacú le riachtanais na n-úsáideoirí. Tá B.A. sa Ríomheolaíocht, sa Teangeolaíocht agus sa Ghearmáinis (TCD) ag Monica, Máistreacht san Eolaíocht Leabharlainne agus Eolais (UCD), chomh maith le B.A. sa Fhraincis (Ollscoil na Gaillimhe). Is ball tofa d’Údarás na hOllscoile í ó 2021 agus ball den Choiste Seasta agus Pleanála Straitéisí, agus bhí sí mar bhall den Choiste Acmhainní Airgeadais chomh maith.
Stiúrthóir, Seirbhísí do Mhic Léinn
Ceapadh John Hannon ina Stiúrthóir ar Sheirbhísí do Mhic Léinn in 2015. Is é an ról atá ag an Stiúrthóir ceannaireacht a thabhairt i dtaca le feidhmeanna seirbhísí do mhic léinn a chomhtháthú agus tacaíocht neamhacadúil chuimsitheach agus d’ardchaighdeán mar aon le seirbhísí folláine a chur ar fáil do mhic léinn. Oibríonn an Stiúrthóir le Déan na Mac Léinn chun a chinntiú go bhfuil comhpháirtíochtaí oibre cuí i bhfeidhm le comhghleacaithe, mic léinn agus páirtithe leasmhara seachtracha, atá ag teacht le mianta straitéiseacha na hOllscoile maidir le heispéireas na mac léinn. Seo a leanas na haonaid a thagann faoi scáth na Seirbhísí do Mhic Léinn: an tIonad Rochtana, Lóistín agus Leas, an tIonad Forbartha Gairmeacha, an tSéiplíneacht, Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn, Oifig na gCumann, Aonad Sláinte na Mac Léinn agus Naíolann na hOllscoile. Tá John ag obair san ardoideachas le breis agus fiche bliain, i róil mar theagascóir, léachtóir, comhairleoir gairme agus mar Cheann ar an Ionad Forbartha Gairmeacha. Is iarchathaoirleach ar Chumann na Seirbhísí Gairmeacha Ardoideachais in Éirinn é agus is Comhalta Feidhmiúcháin é de Ghnóthaí Mac Léinn Éireann. D’fhreastail John ar an ollscoil i nGaillimh (BA agus HDE), UCD (DCG) agus Ollscoil Warwick (MA CEIGHE), áit ar bronnadh Duais Chuimhneacháin John Roberts air don mhac léinn a rinne an obair is fearr i rith na bliana acadúla.

Is é an Dr Iain Mac Labhrainn Stiúrthóir an Ionaid Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc (CELT), Ionad lena mbaineann réimse leathan cúraimí lena n-áirítear teicneolaíochtaí chun tacú le foghlaim agus teagasc (bídís sa seomra ranga nó ar líne), forbairt ghairmiúil na foirne acadúla, polasaí agus straitéis maidir le foghlaim agus teagasc, agus taighde agus scoláireacht san ardoideachas. Sular ghlac sé an ról seo chuige féin, rinne sé taighde agus teagasc i riar ollscoileanna in Albain agus i Sasana, agus baineann a chúlra disciplíneach féin leis an Réaltfhisic (BSc (Onóracha) Dún Éideann, PhD Durham) a leathadh amach freisin i dtreo na fisice atmaisféaraí, ardteicnící ríomhaireachta, teicneolaíochtaí ilmheán, agus an t-oideachas. Ghlac sé páirt, agus ról ceannaireachta, i roinnt tionscadal náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le forbairt ghairmiúil agus le teicneolaíochtaí foghlama. Ba bhunbhall Boird den Fhóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta & Foghlama é, tá sé ina Phríomhchomhalta den Higher Education Academ/AdvancedHE faoi láthair, agus bíonn sé ag scríobh agus ag foilsiú leis sa réimse, scríobh sé in Reflective Teaching in Higher Education (an 1ú agus an 2ú hEagrán, Bloomsbury) le deireanas, ar príomhthéacs é ar go leor clár Iarchéime san fhoghlaim agus sa teagasc.
Nuala-small-100x147.jpg)
MNiC-small-100x142.jpg)
Is í Michelle an Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála in Oifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí, agus stiúrann sí tionscadail uile-Ollscoile a bhaineann le cur i bhfeidhm a misin straitéisigh acadúil. Sular ceapadh sa ról nua seo í, bhí sí ina hOifigeach Preasa & Faisnéise na hInstitiúide in Ollscoil na Gaillimhe roimhe sin. Tá breis is 20 bliain taithí ag Michelle i riarachán poiblí, cumarsáid agus rialachas corparáideach. Ba bhall tofa d’Údarás na hOllscoile í idir 2013-2019 agus ba bhall de Choiste Tionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha na hOllscoile í chomh maith. Faoi láthair tá sí i mbun a dara téarma ar Bhord TG4 áit ar fheidhmigh sí mar Chathaoirleach eatramhach an Bhoird in 2017. D’fhreastail sí ar Choiste Iniúchta agus Airgeadais TG4 agus is í Cathaoirleach reatha Choiste Branda agus Margaíochta TG4 í. In 2018, iarradh uirthi bheith ina ball de Bhord Macnas agus is iarbhall de bhord Volunteer Galway í. Tá MA sa Ghnó (IMI/COC), MA i Léann na Meán (OL), Ard-Diop i Riarachán na nEalaíon (Ollscoil na Gaillimhe), Ard-Diop i mBainistíocht Tionscadail Fheidhmigh (IPM/COC), agus BMus (COC) ag Michelle.
Oifigeach Gaeilge
Ceapadh Caroline Ní Fhlatharta mar an chéad Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair 2021. Cuid lárnach de chéad Straitéis na Gaeilge – Straitéis na Gaeilge 2021-2025 - is ea an chéad Oifigeach Gaeilge a bheith ceaptha in Ollscoil na Gaillimhe. Tacóidh ceapachán Caroline leis an Straitéis seo, mar aon lenár bhfís timpeallacht inbhuanaithe dhátheangach a fhorbairt agus a chothú agus ár dteanga a chur chun cinn i ngach gné de shaol na hollscoile agus i measc phobal Ollscoil na Gaillimhe, na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá MA san Fhoghlaim agus Forbairt d’Aosaigh, BA sa Ghaeilge Fheidhmeach, Dioplóma sa Ghaeilge agus Dioplóma i dTeicneolaíochtaí Gnó bainte amach ag Caroline le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith le Teastas Iarchéime i gComhairle agus Treoir um Oideachas Aosach le hOllscoil Mhá Nuad. Rinne sí áisitheoireacht ar an gcéad Chlár Ceannaireachta LIFT sa tír trí Ghaeilge le baill foirne de chuid na hOllscoile agus bhuaigh sí Gradam LIFT don Nuálaíocht agus Inoiriúnaitheacht. Is cainteoir dúchais as Conamara í, a bhí ag obair le TG4 aici sular thosaigh sí san Ollscoil in 2005.
Sinead-small-100x145.jpg)
Tá Sinéad ag feidhmiú mar an Stiúrthóir Feabhais ó ceapadh í sa ról i samhradh 2019. Tá taithí ocht mbliana déag aici i réimsí an rialachais, na hiniúchóireachta, na bainistíochta riosca, agus na bainistíochta straitéisí. Tá taithí seacht mbliana aici in earnáil an ardoideachais ag obair mar Iniúchóir Inmheánach in Ollscoil na Gaillimhe, agus ról lárnach aici sa phróiseas freagrachta poiblí trí dhearbhú a thabhairt d'Údarás na hOllscoile maidir leis na creataí a bhaineann le smachtú inmheánach agus bainistíocht riosca laistigh den Ollscoil. D’oibrigh sí mar Bhainisteoir Airgeadais don Ionad Anailísíochta Sonraí Insight chomh maith. Is í Sinéad iarArd-Stiúrthóir Chumann na Camógaíochta, eagraíocht náisiúnta spóirt a chlúdaíonn 600 club agus líonra de thuairim is 100,000 ball. Is ball den Choiste d’Fheabhsú Cáilíochta, den Chomhairle Acadúil agus de Choiste Seasta na Comhairle Acadúla í Sinéad agus bhí sí ar Choiste Iniúchta & Bainistíochta Riosca na hOllscoile roimhe sin. Tá Baitsiléir Eolaíochta sa Chuntasaíocht ag Sinéad ó Ollscoil Scranton agus Máistreacht sa Chuntasaíocht aici ó COBÁC. Is Cuntasóir Cairte í.

Is í Michelle O’Dowd Lohan an chéad Oifigeach Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile in Ollscoil na Gaillimhe. Arna cheapadh i mí Mheán Fómhair 2019, is post sinsearach ceannaireachta é seo a thacaíonn leis an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí le cuspóirí na Comhpháirtíochta Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile (CUSP) a chur chun cinn. Cuireann CUSP roimhe campas den chéad scoth, atá glas, cliste agus sláintiúil a bhaint amach do Ollscoil na Gaillimhe trí inbhuanaitheacht a leabú i ngníomhaíochtaí teagaisc, foghlama, oibríochta, agus for-rochtana níos leithne. Is céimí de chuid na hEolaíochta Comhshaoil in Ollscoil na Gaillimhe í Michelle. Bhain sí Ard-Dioplóma san Oideachas amach ina dhiaidh sin sular fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste áit a ndearna sí MSc san Innealtóireacht Chomhshaoil. D’oibrigh Michelle roimhe seo mar Chomhlach Taighde Inbhuanaitheachta in Institiúid Uí Riain, Ollscoil na Gaillimhe. I measc na réimsí taighde a bhfuil spéis aici iontu tá inbhuanaitheacht a bhaineann le hearnálacha oideachais agus sláinte. Sular tháinig sí go Ollscoil na Gaillimhe chaith Michelle 12 bhliain ag obair mar Chomhordaitheoir Comhshaoil agus Bainistíochta Dramhaíola le hOspidéil na hOllscoile, Gaillimh.