FÁILTE CHUIG AN IONAD ROCHTANA

Baineann cúraimí Ionad Rochtana na hOllscoile le forbairt, cur chun cinn agus seachadadh cláir foghlama do spriocghrúpa(í) áirithe, agus baintear leas as réimse leathan cuir chuige oideachais agus sainseirbhísí atá dírithe ar líon mór mac léinn atá rangaithe ag an Údarás um Ard-Oideachas mar mhic léinn ‘neamhthraidisiúnta’.

Tugann an tIonad Rochtana cúnamh do dhaoine barr a gcumais san oideachas a bhaint amach beag beann ar a gcúlra oideachais, a n-aois ná a gcúinsí pearsanta sláinte. Cuireann sé tacaíocht ar fáil do mhic léinn atá rannpháirteach i gcláir rochtana, do mhic léinn atá faoi mhíchumas agus do mhic léinn lánfhásta.