Fáilte chuig Oifig na gClár Rochtana

Fáilte chuig Oifig na gClár Rochtana

Ag glacadh le hiarratais do 2023-24

Dearadh Cláir Rochtana go sonrach chun timpeallacht oideachais thacúil a chur ar fáil do mhic léinn agus chun iad a ullmhú go hacadúil agus go pearsanta do chéim fochéime lánaimseartha ag an tríú leibhéal. Faigh amach an bhfuil Clár Rochtana oiriúnach duit!

Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir do Chláir Dioplóma an Ionaid Rochtana 2023

     
Campas na Gaillimhe 10 Bealtaine Cláraigh
Tuaim, Óstán an Ard Rí  11 Bealtaine Cláraigh
Béal an Mhuirthead, Óstán an Broadhaven 15 Bealtaine Cláraigh
Béal Átha na Sluaighe, Óstán an Shearwater 17 Bealtaine Cláraigh

 

Ag glacadh le hiarratais do 2023-24 anois - féach thíos

An bhfuilim i dteideal iarratas a dhéanamh?

Glacann an scéim le mic léinn nua a bhfuil cónaí orthu ar feadh bliana nó níos mó i réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW) agus Co. an Chláir.

Déantar iarratasóirí a mheas de réir a stádais shocheacnamaíoch. Ní mór d’iarratasóirí fianaise a sholáthar ar ioncam teaghlaigh bliana don bhliain féilire roimhe sin lena n-iarratas. Tá na teorainneacha ioncaim ag teacht leis an Scéim maidir le Bealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR).

Costais

Íocann an Ollscoil as costais an chúrsa rochtana, ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil.

 

Má tá aon cheist agat déan teagmháil leis an Ionad Rochtana ar urlár na talún in Áras Uí Chathail, Campas Ollscoil na Gaillimhe. Is trí choinne amháin a chuirtear seirbhís ar fáil faoi láthair, seol do chuid ceisteanna ar rphost chuigaccess@universityofgalway.ie

Clár Rochtana do Mhic Léinn Lánfhás

Eolas Breise agus Foirm Iarratais

Cliceáil anseo

Clár Rochtana do Lucht Fágála Scoil

Eolas Breise agus Foirm Iarratais

Cliceáil anseo

Cúrsaí Páirtaimseartha - Mic Léinn

Eolas Breise agus Foirm Iarratais

Cliceáil anseo