Ceisteanna Coitianta maidir le fiosruithe faoi scrúduithe:

Céard iad na tacaíochtaí scrúduithe atá ar fáil má chláraím leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais?

Déantar na tacaíochtaí scrúduithe a aontú le linn an chruinnithe measúnaithe ar riachtanais a bheidh agat le comhalta foirne sa tSeirbhís Tacaíochta Míchumais.
Déantar an tionchar a bheidh ag do mhíchumas ar phróiseas an scrúdaithe a thabhairt san áireamh.
Déantar tacaíochtaí réasúnacha scrúdaithe a chur i bhfeidhm chun go gcaithfear go cóir agus go cothrom leat sa phróiseas scrúdaithe.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam cá mbeidh mo scrúdú ar siúl má tá tacaíochtaí scrúduithe agam?

  1. Féach ar do chlár ama pearsanta scrúduithe.
  2. Feicfidh tú príomhionaid na scrúduithe nuair a logálann tú isteach chun do chlár ama a fheiceáil.
  3. Má dhéantar ionad scrúdaithe eile a shocrú duit seolfaidh an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ríomhphost chugat le sonraí an ionaid. Seoltar an ríomhphost seo an tseachtain tar éis don chlár ama a theacht amach.
  4. Beidh ort do chlár ama a sheiceáil chun dátaí agus amanna a dhearbhú.
  5. Féach na leasuithe i gcónaí ar fhaitíos go bhfuil athrú tagtha ar dháta, am nó ionad an scrúdaithe.
  6. Mura bhfuil clár ama pearsanta agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach Clárúcháin láithreach agus seiceáil an bhfuil tú cláraithe i gceart. Tá tuilleadh eolais ar a bhfuil le déanamh agat mura féidir leat clár ama pearsanta a fheiceáil ar fáil anseo.

Céard é an difríocht idir Scrúduithe Dheireadh an tSeimeastair agus Scrúduithe Roinne (sa rang)?

Is í oifig na scrúduithe a reáchtálann scrúduithe dheireadh an tseimeastair. Is iad seo na scrúduithe a liostaítear ar an gclár ama pearsanta. Oibríonn an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais i gcomhar le hOifig na Scrúduithe chun Socruithe Scrúduithe a chur i bhfeidhm do na scrúduithe seo.

Scrúduithe nó tástálacha a eagraíonn agus a reáchtálann Úinéirí Modúil dá gcuid Modúl féin is ea scrúduithe Roinne (sa rang). De ghnáth, reáchtáiltear na tástálacha/scrúduithe seo i rith an tseimeastair. Ba chóir do mhic léinn dul i dteagmháil le hÚinéir an Mhodúil chun na socruithe scrúduithe ábhartha atá molta dó/di a iarraidh a luaithe a bheidh siad ar an eolas go bhfuil scrúdú le bheith acu. Tá feidhm leis na socruithe scrúdaithe a mholtar do mhac léinn atá cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais i gcás measúnú cúrsa amaithe, cosúil le scrúduithe. D’fhéadfadh sé nach mbeadh cuid de na socruithe molta ábhartha, áfach, agus beidh sé seo ag brath ar an scrúdú féin.

Cé leis/léi ar cheart dom dul i dteagmháil má bhíonn deacrachtaí agam mo chuid socruithe scrúduithe a fháil?

Má bhíonn aon deacracht agat agus tú ag iarraidh a chinntiú go bhfuil na socruithe riachtanacha scrúduithe i bhfeidhm, déan teagmháil le do Chomhairleoir Míchumais trí ríomhphost amháin. Gheobhaidh tú na sonraí teagmhála ag deireadh do thuairisce LENS. Is féidir leat ríomhphost a sheoladh freisin chuig disabilityservice@universityofgalway.ie le haon cheisteanna nó imní atá ort maidir le míchumas.

Céard a tharlaíonn má chaillim mo chuid scrúduithe ag deireadh an tseimeastair de bharr tinnis?

Má chaill tú scrúdú sceidealta, déan teagmháil le d'oifig Coláiste chomh luath agus is féidir.

An féidir liom mo chuid tacaíochtaí scrúduithe a athrú?

Féadfaidh tú coinne a dhéanamh le comhalta foirne de chuid na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais chun do shocruithe scrúduithe a phlé. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gá a bheith le cáipéisíocht leighis bhreise chun deacracht atá ag mac léinn a dheimhniú. 

Tabhair faoi deara: Bíonn spriocdháta ann gach seimeastar d’iarratais nua ar shocruithe scrúduithe, nó chun athruithe ar shocruithe scrúduithe reatha a iarraidh. Tá sonraí maidir leis an dáta seo ar fáil anseo.

Tar éis an dáta seo, cuirfear aon athrú a bhaineann le socruithe scrúduithe ar an gcampas do scrúduithe dheireadh an tseimeastair i bhfeidhm ar sheisiúin scrúdaithe an tseimeastair ina dhiaidh sin, ní ar an seimeastar reatha.

Ceisteanna coitianta maidir le clárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais:

Cé ba chóir clárú leis an Oifig Míchumais in OÉ Gaillimh?

Tá tacaíocht ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas:

  • Neamhord Easnamh Airde (ADD) / Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHD)
  • Neamhord de chuid Speictream an Uathachais lena n-áirítear Siondróm Asperger
  • Dall/lLagú Amhairc
  • Bodhar/Lagú Éisteachta
  • Diospraicse/Neamhord Comhordaithe Forbartha (DCD)
  • Riocht Meabhairshláinte
  • Riocht Néareolaíoch
  • Míchumas Fisiciúil
  • Drochthinneas Leanúnach
  • Saindeacracht Foghlama (lena n-áirítear disléicse nó dioscalcúile)

Cén fáth ar chóir dom clárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais?

Tá tacaíocht ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas agus déantar é a cheadú bunaithe ar fhianaise leighis.

Is iomaí seirbhís tacaíochta atá ar fáil ar a n-áirítear:

  • Teicneolaíocht Chúnta
  • Tacaíocht Foghlama
  • Tacaíocht Scrúdaithe
  • Cúntóirí Pearsanta
  • Tacaíocht Acadúil

Conas is féidir liom clárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais? Céard a theastaíonn uaim?

  1. Chun clárú leis an Oifig Míchumais ní mór duit dearbhú a chur ar fáil maidir le do mhíchumas, agus d’fhéadfá Foirm maidir le Fianaise ar Mhíchumas nó Tuairisc Leighis a chur ar fáil.
  2. Caithfidh gach mac léinn an fhoirm chlárúcháin ar líne a líonadh chun clárú leis an Oifig Míchumais. Glacfaidh sé cúig nóiméad ort an fhoirm ar líne seo a líonadh.
  3. Sa tríú céim castar le comhalta foirne de chuid na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais a dhéanfaidh measúnú iomlán ar riachtanais a chur i gcrích.

Féach ar an leathanach Conas Clárú chun tuilleadh eolais a fháil.

Céard a tharlaíonn le linn measúnú ar riachtanais?

Is ionann measúnú ar riachtanais agus cruinniú le comhalta foirne de chuid na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais chun na socruithe réasúnacha a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait a phlé chun cothromas ar theagasc, foghlaim agus measúnú a bhaint amach ar an tríú leibhéal. Bíonn cruinniú measúnaithe ar riachtanais ar leith ag gach mac léinn a chláraíonn leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais chun breithniú a dhéanamh ar na tacaíochtaí is fearr a chomhlíonfaidh riachtanais an mhic léinn. D’fhéadfadh tacaíocht foghlama, teicneolaíocht chúnta agus socruithe scrúduithe a bheith i gceist leis na tacaíochtaí sin.

Déantar achoimre ar thoradh an chruinnithe measúnaithe riachtanas i d'Achoimre ar Riachtanais Foghlama agus Oideachais (LENS). Féadfaidh tú coinne a iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar do thuairisc LENS más mian leat aon athruithe a phlé.

An gá dom clárú an athuair leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais?

Ní gá, ach mac léinn a bheith cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais, beidh an clárúchán i bhfeidhm ar feadh thréimhse a c(h)uid staidéir.

Táim ag staidéar i gColáiste Ósta na Sionna agus tá ceist agam faoi na socruithe réasúnta a bhí agam anuraidh.

Déan teagmháil le disabilityservice@universityofgalway.ie chun eolas a fháil.

An gá dom mo thuairisc LENS a sheoladh chuig mo léachtóirí?

Mar chuid de phróiseas clárúcháin tosaigh an mhic léinn leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais, agus le cead an mhic léinn, cuirtear na Socruithe Réasúnta a mholtar do mhic léinn in iúl do Scoil an mhic léinn sin laistigh den Ollscoil ag an am sin. De réir mar a théann mic léinn ar aghaidh chuig blianta acadúla ina dhiaidh sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na léachtóirí ar an eolas faoi aon Socruithe Réasúnta atá molta dóibh. 

Ní gá duit cóip de do thuairisc LENS a sheoladh. Má tá tú i dteagmháil le léachtóir ar ábhar a bhaineann le míchumas, is fút atá sé an cinneadh a dhéanamh cóip de do thuairisc LENS a sheoladh chucu.

An gá dom clúdach aghaidhe a chaitheamh ar an gcampas?

Ní gá duit clúdach aghaidhe nó masc a chaitheamh agus tú i bhfoirgnimh na hOllscoile, ach, féach foláirimh na hollscoile agus nuashonruithe oifigiúla chun an t-eolas is déanaí a fháil mar d’fhéadfadh sé seo athrú. Is féidir le haon mhac léinn ar fearr leis/léi masc a chaitheamh ar an gcampas déanamh amhlaidh.  

Ní ceadmhach do chomhaltaí foirne ná mic léinn freastal ar an gcampas má tá tástáil dhearfach le haghaidh COVID faighte acu, má tá aon cheann de shiomptóim choitianta COVID á léiriú acu nó má tá comhairle faighte acu ón FSS féinaonrú nó srian a chur lena gcuid gluaiseachtaí.

An mbeidh an teagasc ar fad ar an láthair sa Bhliain Acadúil atá romhainn?

Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta an t-eispéireas campais is fearr agus is féidir a éascú do mhic léinn sa Bhliain Acadúil 2022-23. Tá sé beartaithe go bhfillfear go hiomlán ar an teagasc ar an láthair don Bhliain Acadúil 2022-23. Táthar ag súil go mbeidh mic léinn i láthair ar an gcampas  do gach gné dá gcláir. Maidir leis na mic léinn sin a bhfuil tinnis ghearrthéarmacha orthu, Covid san áireamh, déanfar socruithe réasúnta chun ligean do mhic léinn coinneáil lena gcuid oibre – e.g. trí nótaí léachta nó cur i láthair PowerPoint a chur ar fáil.

Céard é an bealach is fearr le teagmháil a dhéanamh le mo Chomhairleoir Míchumais?

Is é an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh le do Chomhairleoir Míchumais ná ríomhphost a sheoladh go díreach chuige/chuici. Ba cheart ainm agus sonraí teagmhála do Chomhairleora Míchumais a bheith ag bun do thuairisce LENS. Nó, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár Riarthóirí ag disabilityservice@universityofgalway.ie chun sonraí teagmhála Comhairleoirí Míchumais a fháil.

Sílim go bhfuil disléicse orm. Céard ba chóir dom a dhéanamh? Céard faoi má cheapann mac léinn go bhfuil Disléicse/deacracht foghlama aige/aici?

Má cheapann mac léinn go bhfuil fadhb acu le léamh, scríobh agus/nó litriú d’fhéadfadh go mbeadh an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais in ann scagthástáil Disléicse a thairiscint don mhac léinn. Is ionann an scagthástáil seo agus sraith tástálacha gearra agus ba chóir go dtabharfadh sé léargas an bhfuil an ‘baol’ ann go bhfuil Disléicse ar an mac léinn nó nach bhfuil. Tabhair faoi deara go ndéantar na scagthástálacha de ghnáth i Seimeastar 2 agus i rith an tsamhraidh. Déan teagmháil leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais le haghaidh tuilleadh eolais agus nuashonruithe.

Tá imní orm go bhféadfadh Neamhord Easnamh Airde/Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde (ADD/ADHD) a bheith orm. Céard ba chóir dom a dhéanamh?

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh agus na hábhair imní ar leith atá agat maidir leis na deacrachtaí atá agat d'aird a dhíriú a phlé leis/léi. Beidh an Dochtúir Teaghlaigh in ann thú a atreorú chuig Síciatraí nó Síceolaí de réir mar is cuí le haghaidh measúnaithe.  Ní dhéanann an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais aon scagthástáil le haghaidh ADD/ADHD.

An gá go mbeadh a fhios ag an Ollscoil go bhfuil míchumas orm?

Is gá. Nuair a chuireann tú do mhíchumas in iúl, cuirfear cúnamh ar fáil duit teacht ar na tacaíochtaí agus socruithe scrúduithe cuí chun cabhrú leat do chuid staidéir a chur i gcrích go rathúil. Is fútsa atá sé do mhíchumas a nochtadh, ach mura bhfuil an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ar an eolas faoi, beidh sé an-deacair ort teacht ar na tacaíochtaí breise.

An féidir liom athbhreithniú a iarraidh ar mo thacaíochtaí agus ar na socruithe atá déanta dom?

Má tá athrú tagtha ar do mhíchumas/riocht sláinte, ar riachtanais an chúrsa, nó mura bhfuil na tacaíochtaí atá i bhfeidhm oiriúnach a thuilleadh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do Chomhairleoir Míchumais chun athbhreithniú a iarraidh. Tabhair faoi deara go bhfuil tús na bliana acadúla nua thar a bheith gnóthach don tSeirbhís Tacaíochta Míchumais i ngeall ar chlárúcháin nua, ach déanfaimid ár ndícheall freastal ar do chuid riachtanas ar bhonn tráthúil.

Táim ag dul ar shocrúchán i mbliana agus mothaím go bhféadfadh tacaíocht bhreise a bheith de dhíth orm. Céard ba chóir dom a dhéanamh?

Tá gach eolas a bhaineann le pleanáil socrúcháin, lena n-áirítear an nasc chun cruinniú a iarraidh leis an gComhordaitheoir Pleanála Socrúcháin, ar fáil anseo. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le do Chomhairleoir Míchumais freisin chun do phleananna socrúcháin agus aon tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith uait a phlé.

Táim ag athrú mo chúrsa nó ag dul ar aghaidh chuig an staidéar iarchéime, an gá dom dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais?

Is gá, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do Chomhairleoir Míchumais a thabharfaidh do thuairisc LENS cothrom le dáta leis an eolas seo.

Moltar dom gan teacht ar an gcampas i ngeall ar chúrsaí sláinte. Cé leis/léi a ndéanfaidh mé teagmháil faoi seo?

De ghnáth, bítear ag súil leis go mbeidh mic léinn ar an láthair sa chás go bhfuil teagasc ar siúl ar an gcampas.
I gcásanna ina gcaillfidh mic léinn am ar an gcampas ar chúiseanna a bhaineann le COVID-19, ní mór don mhac léinn dul i dteagmháil lena Stiúrthóir Cláir nó Comhordaitheoir Cláir chun an cás a mhíniú agus chun roghanna staidéir a phlé. De ghnáth beidh litir dochtúra ag teastáil chun tacú lena leithéid d'iarratais
.