An tSeirbhís Tacaíochta Míchumais, Ollscoil na Gaillimhe

Students using laptop computers

Cé a fhéadfaidh cur isteach ar Thacaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas? 

Féadfaidh mic léinn atá faoi mhíchumas, a bhfuil riocht sláinte leanúnach fisiciúil nó meabhrach ag gabháil dóibh, nó saindeacracht foghlama iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais (DSS) in Ollscoil na Gaillimhe.  Níl ort ach iarratas a dhéanamh aon uair amháin agus beidh tú cláraithe leo ar feadh do chúrsa.  Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thacaíocht mhíchumais ag am ar bith le linn do chuid staidéir; ach, moltar duit iarratas a dhéanamh a luaithe is féidir tar éis duit do chúrsa a thosú nó diagnóis a fháil.

Má tá tú ag filleadh ó shaoire neamhláithreachta nó briseadh i do chuid staidéir déan teagmháil leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais le seiceáil an bhfuil do thacaíocht i bhfeidhm. 

Cén leas a bhaineann le Tacaíocht Mhíchumais? 

Nuair a bheidh d’iarratas ar an tSeirbhís ceadaithe, beidh tú in ann leas a bhaint as socruithe réasúnta le linn do chuid staidéir in Ollscoil na Gaillimhe. Is iad seo a leanas na socruithe réasúnta is coitianta a bhíonn ag teastáil: socruithe scrúduithe; comhairle, tacaíocht agus abhcóideacht; tacaíocht foghlama

Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Thacaíocht Mhíchumais? 

Lean na trí chéim seo a leanas le clárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais:

1. Cad atá uait chun iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís ní mór duit fianaise ar do mhíchumas a sholáthar. D’fhéadfá Foirm maidir le Fianaise ar Mhíchumas ‌ ‌a chur isteach nó tuairisc ó ghairmí cuí a dheimhníonn diagnóis. Féach an tábla thíos a léiríonn samplaí den chineál tuairisce a ghlactar. 

Mura bhfuil an cháipéis thíos agat, d’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar an tseirbhís má tá cáipéisí tacaíochta cuí eile agat. Má tá aon cheist agat maidir le cáipéisí tacaíochta, déan teagmháil leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais chun comhairle a fháil ag: disabilityservice@universityofgalway.ie 

Míchumas

Tuarascáil

 

Neamhord de chuid Speictream an Uathachais

Síciatraí Comhairleach NÓ Síceolaí NÓ Néareolaí NÓ Péidiatraí

 

ADD/ADHD

Síciatraí Comhairleach NÓ Síceolaí NÓ Néareolaí NÓ Péidiatraí

 

Dall/Lagú amhairc

Oftailmeolaí/Máinlia Oftalmach NÓ Litir ón NCBI NÓ má d’fhreastail tú ar scoil do dhaoine Dalla

 

Bodhar/Lagú éisteachta

Closghram NÓ má d’fhreastail tú ar scoil do dhaoine Bodhra

 

Riocht Néareolaíoch

Néareolaí NÓ Sainchomhairleoir ábhartha

 

Neamhord Cumarsáide Urlabhra agus Teanga

Teiripeoir Urlabhra agus Teanga

 

Fisiciúil/Gluaiseacht

Comhairleoir Ortaipéideach NÓ Speisialtóir ábhartha

 

Neamhord Comhordaithe Forbartha (DCD) Diospraicse/Diosgraife

Síceolaí NÓ Teiripeoir Saothair NÓ Fisiteiripeoir Cairte NÓ Néareolaí

 

Riocht meabhairshláinte

Síciatraí Comhairleach NÓ Cláraitheoir Speisialtachta

 

Drochthinneas Leanúnach

Comhairleoir ábhartha e.g. Diaibéiteas Chineál 1: Inchríneolaí nó Péidiatraí

 

Saindeacracht Foghlama (Disléicse nó Dioscalcúile)

Tuairisc ó Shíceolaí Oideachais

 

2. Foirm Iarratais ar Líne 

Ní mór do gach mac léinn ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais é seo a léamh Fógra Cosanta Sonraí na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais Ollscoil na Gaillimhe chun róil rúndachta agus toilithe a thuiscint agus eolas pearsanta á phróiseáil. 

Nuair a bheidh an Fógra Cosanta Sonraí léite agat, líon an fhoirm iarratais seo ar líne.  

3. Measúnú ar Riachtanais

I ndiaidh duit an fhoirm ar líne a líonadh agus a chur ar aghaidh, tabharfaidh duine d’fhoireann na Seirbhíse faoi mheasúnú ar riachtanais agus tairgfear na tacaíochtaí agus socruithe cuí duit. 

Beidh an tacaíocht agus na socruithe leagtha amach i dTuairisc maidir le hAchoimre ar Riachtanais Foghlama agus Oideachais (LENS) a sheolfar chugat agus chuig do Choláiste, Scoil nó Disciplín. Ceadaítear tacaíochtaí agus socruithe ar bhonn:

  • nádúr agus éifeacht do mhíchumais, reachta sláinte, nó deacrachta foghlama
  • riachtanais do chúrsa acadúil
  • treoirlíne náisiúnta, mar shampla: treoirlínte Ghréasán Oibre na gComhairleoirí um Míchumas (DAWN) Guidelines to exam accommodations