Cad is brí le  DARE?

Is scéim iontrála tríú leibhéal de chineál eile atá i gceist le DARE atá ar fáil do lucht fágála scoile ar chuir a míchumas isteach ar a n-oideachas dara leibhéal. Cuirtear áiteanna ar phointí laghdaithe ar fáil faoin scéim DARE do lucht fágála scoile a mbíonn dúshláin bhreise oideachais le sárú acu san oideachas dara leibhéal, de bharr go bhfuil míchumas orthu. Foinse: accesscollege.ie

Duillín Faisnéise DARE 2023

Leithdháileadh Áiteanna DARE ar Phointí Laghdaithe

Cuirtear áiteanna ar phointí laghdaithe ar fáil faoin scéim DARE do lucht fágála scoile a mbíonn dúshláin bhreise oideachais le sárú acu san oideachas dara leibhéal, de bharr go bhfuil míchumas orthu.

Tá cuóta pointí laghdaithe ag Ollscoil na Gaillimhe d’iarratasóirí incháilithe DARE; athraíonn an cuóta seo ó bhliain go bliain.

Má mheastar go bhfuil iarratasóir incháilithe don scéim DARE, déanfar cinneadh maidir le háit ar phointí laghdaithe a thairiscint:

  •  má tá 300 pointe ar a laghad acu &
  •  má chomhlíonann siad na riachtanais mháithreánaigh don chúrsa.

I gcás fhormhór na gcúrsaí, bíonn iontráil iomaíoch i gceist mar go bhfuil níos mó iarratasóirí incháilithe DARE ann ná mar atá áiteanna ar phointí laghdaithe. Tá tús áite á thabhairt ó 2016 i leith d’iarratasóirí incháilithe DARE atá faoi mhíchumas fisiceach agus céadfach (dall/lagú radhairc nó bodhar/lagú éisteachta go sonrach), agus dóibh siúd atá incháilithe faoi DARE agus HEAR araon. Déantar na háiteanna atá fágtha, más ann dóibh, a shannadh bunaithe ar rangú na bpointí agus cinneann na pointí a theastaíonn don chúrsa an laghdú a cheadaítear: dá airde an riachtanas pointí don chúrsa, is mó an laghdú féideartha, agus laghdú uasta de 18% i bhfeidhm.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi DARE téigh chuig www.accesscollege.ie nó féach ar Fhoirmeacha, Treoracha agus Acmhainní DARE.